Fáilte!

Tionscadal aistriúcháin neamhfhoirmeáilte le Gaeilge, Béarla agus Fraincis. Fáilte romhat!



Click here to see an English translation at the bottom of this page

Aidhmeanna, Plean agus Format

Click here to see an English translation at the bottom of this page

Óicé, i dtús báire, lig domh a admháil nach bhfuil cailíocht ná oideachas áirithe ar bith agam ó thaobh na teangeolaíochta de. Níl ach craiceann caol de fhoghlaim fhoirmeáilte agam ar theanga ar bith ach an Béarla, cé go bhfuil an-shuim agam sa Ghaeilge agus san Fhraincis. Ach amannta mothaím mé féin, tarrangaithe chuig na fuaimeanna fuinniúla fraochta fileata mar is a bheadh leannáin sí iontu, in éadan mo thola féin.

Ag an am céanna, níl breall orm; tuigim go bhfuil srian na hoiliúna de dhíth orm le go dtuigfí mé mar is mian liom. Tús agus deireadh, meán cumarsáide trasphearsanta atá i dteanga. Mura dtuigtear mé, dá deismireachta mo chuid cainte dár liom féin, saothar in aisce atá ann.

Ach b’fhéidir nach leor dúinn freastail ar rang nó dhó sa samhradh, cé gur tábhachtach na ranganna sin. Níl sé leor go deo ndeor. Má táthar ag féacháilt le dul i bhfeidhm ar chroíanna an chine daonna, measaim go gcaithfidh duine bheith i síorteaghmáil leo sa dóigh is dlúithe—fríd an litríocht, fríd an fhicsean agus fríd an fhilíocht ach go háirithe. Agus ní go bliantúil ach go laethúil, ní hamháin sna scoileanna ach cois teallaigh freisin.

Sin cúis gur chuir mé tús leis an suíomh seo, le go raibh áit fháilteach ann domhsa agus do mo mhacasamháil ar fud an domhain, na hamaitéaraigh, cibé áit a bhfuil cónaí orainn, as a dtiocfadh linn dul thar na boscaí parsála i gcomhar a chéile agus croí ar gcine coitianta a chuimilt.* Trí mheán ceirde an aistriúcháin, beidh muid abálta ár saineolais ar chialla ar fhochialla ar sheachchialla a roinnt le chéile, agus b’fhéidir an cháilíocht daonnachais a dhéanamh níos daigne ag an am céanna.

Óicé, óicé, is leor sin. Ar aghaidh chuig an cur síos practacúil: Dearadh an tionscadail. Tá dhá leath ag mo choincheap den tionscadal seo:

1.) Cuir Béarla ar ábhar Gaeilge: Foilseoidh mé sleachtanna as ficsean clasaiceach na Gaeilge agus iarrfaidh mé a malairt de leaganacha Béarla as leitheoirí an tsuímh seo. Cuirfidh mise tús leis le leagan údaraithe Gaeilge i bhfoirm blogpost. Díreach ina dhiaidh sin cuirfidh mé comment faoi a bheidh roinnte in dhá pháirt: a.) Aistriúchán go Béarla. b.) Míniúchán ar na prionsabail gur roghnaidh mé. (Gearrmhíniúchán! Níos lú na cúig abairt, go raibh maith agat!) Sin déanta, cuir chugam, a léitheoir dílis, d’iarrachtaí aistriúcháin féin ar an chló céanna.

2.) Cuir Gaeilge ar ábhar Fraincise: Mar a gcéanna seachas go naistreoidh muid ó leagan Fraincise údaraithe go Gaeilge.

Dár ndóigh, mar punter atá ionam, bheinn an-shásta ar fad a ghlacadh le comhairle gairmiúil. Ach thar ní ar bith eile, tóg go bog é agus bain sult as. Cuimhnigh ar mo mhana pearsanta: Níl beann gan greann.

*Admhaím gur ait an rogha focla sin, ach ba mhian liom cuma na huaime a choinneáilt. An bhfuil a mhalairt de mholadh agat?

Tuesday, May 18, 2010

2.1 Cuir Gaeilge air seo: “Don Juan aux enfers” le Charles Baudelaire, dán as an chnuasach filíochta “Les fleurs du mal”; 1-2

Ón leagan údaraithe:
Quand Don Juan descendit vers l’onde souterraine
Et lorsqu’il eut donné son oble à Charon,

1 comment:

Eoin Mac an t-saoir said...

M’iarracht ar aistriúchán:
Ar dhul síos chuig an mhuir fhothír do Dhon Juan
Agus luach a phasáiste tugtha do Charon

Míniúchán ar m’ aistriúchán:
Óicé, tá mé thar a bheith as mo chumas anseo—is beag an Fhraincis atá agam, agus is lú mo thuiscint ar fhilíocht go ginearálta na an miotaseolaíocht go háirithe. Mar sin féin, taitníonn cló na teanga sin ar an leathanach sin liom, agus a fuaim chomh maith, agus dá bharr sin cha raibh mé abálta ach an scannadh a choinneáil agus an scéim ríme a chaomhnú chomh maith agus a fhéadaim faoi chuing na céille. . .