Fáilte!

Tionscadal aistriúcháin neamhfhoirmeáilte le Gaeilge, Béarla agus Fraincis. Fáilte romhat!



Click here to see an English translation at the bottom of this page

Aidhmeanna, Plean agus Format

Click here to see an English translation at the bottom of this page

Óicé, i dtús báire, lig domh a admháil nach bhfuil cailíocht ná oideachas áirithe ar bith agam ó thaobh na teangeolaíochta de. Níl ach craiceann caol de fhoghlaim fhoirmeáilte agam ar theanga ar bith ach an Béarla, cé go bhfuil an-shuim agam sa Ghaeilge agus san Fhraincis. Ach amannta mothaím mé féin, tarrangaithe chuig na fuaimeanna fuinniúla fraochta fileata mar is a bheadh leannáin sí iontu, in éadan mo thola féin.

Ag an am céanna, níl breall orm; tuigim go bhfuil srian na hoiliúna de dhíth orm le go dtuigfí mé mar is mian liom. Tús agus deireadh, meán cumarsáide trasphearsanta atá i dteanga. Mura dtuigtear mé, dá deismireachta mo chuid cainte dár liom féin, saothar in aisce atá ann.

Ach b’fhéidir nach leor dúinn freastail ar rang nó dhó sa samhradh, cé gur tábhachtach na ranganna sin. Níl sé leor go deo ndeor. Má táthar ag féacháilt le dul i bhfeidhm ar chroíanna an chine daonna, measaim go gcaithfidh duine bheith i síorteaghmáil leo sa dóigh is dlúithe—fríd an litríocht, fríd an fhicsean agus fríd an fhilíocht ach go háirithe. Agus ní go bliantúil ach go laethúil, ní hamháin sna scoileanna ach cois teallaigh freisin.

Sin cúis gur chuir mé tús leis an suíomh seo, le go raibh áit fháilteach ann domhsa agus do mo mhacasamháil ar fud an domhain, na hamaitéaraigh, cibé áit a bhfuil cónaí orainn, as a dtiocfadh linn dul thar na boscaí parsála i gcomhar a chéile agus croí ar gcine coitianta a chuimilt.* Trí mheán ceirde an aistriúcháin, beidh muid abálta ár saineolais ar chialla ar fhochialla ar sheachchialla a roinnt le chéile, agus b’fhéidir an cháilíocht daonnachais a dhéanamh níos daigne ag an am céanna.

Óicé, óicé, is leor sin. Ar aghaidh chuig an cur síos practacúil: Dearadh an tionscadail. Tá dhá leath ag mo choincheap den tionscadal seo:

1.) Cuir Béarla ar ábhar Gaeilge: Foilseoidh mé sleachtanna as ficsean clasaiceach na Gaeilge agus iarrfaidh mé a malairt de leaganacha Béarla as leitheoirí an tsuímh seo. Cuirfidh mise tús leis le leagan údaraithe Gaeilge i bhfoirm blogpost. Díreach ina dhiaidh sin cuirfidh mé comment faoi a bheidh roinnte in dhá pháirt: a.) Aistriúchán go Béarla. b.) Míniúchán ar na prionsabail gur roghnaidh mé. (Gearrmhíniúchán! Níos lú na cúig abairt, go raibh maith agat!) Sin déanta, cuir chugam, a léitheoir dílis, d’iarrachtaí aistriúcháin féin ar an chló céanna.

2.) Cuir Gaeilge ar ábhar Fraincise: Mar a gcéanna seachas go naistreoidh muid ó leagan Fraincise údaraithe go Gaeilge.

Dár ndóigh, mar punter atá ionam, bheinn an-shásta ar fad a ghlacadh le comhairle gairmiúil. Ach thar ní ar bith eile, tóg go bog é agus bain sult as. Cuimhnigh ar mo mhana pearsanta: Níl beann gan greann.

*Admhaím gur ait an rogha focla sin, ach ba mhian liom cuma na huaime a choinneáilt. An bhfuil a mhalairt de mholadh agat?

Beadaíocht

Chuir mé thíos sampla dena haistriúcháin agus breactha eile á ndéanamh agam ó am go chéile nach bhfuil oiriúnach don tionscadal mar atá leagtha amach ach gur mian liom iad a fhoilseadh mar sin féin. Mar i dtólamh, fáilte roimh chomhairle agus cheartúcháin.

Cliceáil anseo le pilleadh ar an phríomhleathanach

26ú Mhí Bealtaine: Dum(b) Spiro Spero [Ficsean nua-cumtha]


Tháinig scéal chugam ar na mallaibh go raibh saoithe ar leith ag dul chun cinn le taighde ar CHAOSIUM-X-an eilimint rúnda rírúndiamhrach a chuaigh a cliú ó rath th’éis do Doctor DeSelby é féin a dhíshealbhú trí phléascadh a thí.

Cúis mhór iontais a ba ea é domhsa. Ní hamáin ó thaobh na ndrochthorthaí a bhain do DeSelby, ach freisin mar nach gcreidtear go leitheadach go bhfuil a leithéid agus Chaosium-X ann, fiú. I measc eolaithe atá cláraithe leis an Chumann Ríoga Eolaiochtai, ar aon nós. I ndiaidh an timpiste thuasluaite fuair an Roinn Shláinte gurbh é an cleachtas DeSelby a bheith ag caitheamh toitíní ró-ghairid do thanc ocsaigíne a bhí cúis leis an phléascadh. Agus dar le cúpla léirmheastóirí a d’fhéach le haithris a dhéanamh ar na comhghnásanna DeSelby chun Chaosium-X a chur ar leithligh sa chéad áit, ní bhfaighfí astu ach cóta de luaithreacha a bheith smeartha ar bhallai na saotharlainne agus na braoianna a dho de chlár éadain an turngnamhaithe.
Ach “Dum(b) spiro spero” is mana leis na saoithe seo, is dócha. Agus ar dhoigh amháin is furasta a thuiscint an fáth go mbíonn an mhiotaseolaíocht Chaosium-X chomh tarraingteach dóibh. De réir na seanscéalta a chraobhscaoil DeSelby, is Chaosium-X an Phríomheilimint na Cruinne atá ann—an chéad rud ariamh a bhí ann agus as a dtáinig achan ní eile. Dá bhfeadfá smacht a chur ar an eilimint ud, chun í a dheighilt ina gcodanna, ansin iad a chuimilt nó a mheascadh le chéile de réir do tholasa fein, ní bheadh aon deireadh leis na féideartheachtaí . . . .
Thiocfadh leat do rogha méid peitril a bheith agat, gan an stór a thrá ariamh. Ní bheadh níos mó aon ghá leis an BSL—thiocfadh leat do dhóthain leictreacais a chrúthú am ar bith is mian leat—saor in aisce. Agus mura mbeifeá sásta leis an mhéid caomhnaithe agat ar bhillí, thiocfadh leat nótaí baince a chur amach go fluirseach freisin—agus uimhreacha cláraithe údaraithe dleathacha ar achan cheann acu. Iad ina milliúin—ina billiúin féin, má’s mian leat. Ní sin ach sampla beag bídeach dena cumhachtaí a bhainfeadh leis an Phríomheilimint na Cruinne mar Chaosium-X.
Ach, mar sin féin, go n-uige seo, ar aon nós, bheadh náire ar dhuine fásta a rá go poiblí go bhfuil a leithéid ann. Sílfí nach i ndáirire a té a déarfadh. Dhéanfadh sé ceap magaidh de féin. Tuige, níorbh fhear saibhir DeSelby ar a dhul ar shlua na marbh dó. Bíonn sé de ráfla fós gur cuireadh isteach san uaigh é i mbosca cairtchlár.
Cad a spreag na saoithe seo seo, ansin, chun an eiseamláir an t-seanóra shaoibh sin a athmhúscailt? An ndeachaidh siad as a gcrann cumhachta? Bhuel, ní déarfainn é sin. Bíonn caoi ag na saoi nach mbíonn soiléir ar scor ar bith, má thuigeann tú mé i gceart. Sea, is dóigh liom nach bhfuil súil ar bith acu i ndáirire le go bhfaighfidh siad An Chéad Chúis na Cruinne. Mhuise, níl aon ghá leis. Má tá siad abálta paitinn a fháil i gcúirt an dlí, thiocfadh leo comhlacht teoranta a chlárú agus scaireanna a dhíol sula mbeadh fios na fírinne ag an Diabhal féin.




21 Mhí Bealtaine: Four Horsemen of the Apocalypse: Chapter six, verses 1-8

D’amharc mé an t-Uan Dé agus é ag briseadh an chéad shéala as seachtar. Ansin, chuala mé glór as ceann dena Neacha Beo ag fógairt amháil is plimp toirní a bheadh ann: “Tar!” Chonaic mé romham each geal. An marcach a bhí air, bhí bogha i láimh aige, tugadh coróin dó agus ansin d’imigh sé leis ar nós cloíteora dubhdaingean ar daorbhasc an domhain.

Ar bhriseadh an tarna séala don Uan Dé chuala me an tarna Neach Beo ag fógairt : “Tar!” Ansin tháinig amach each eile ar a raibh finneadh chomh diandearg le lasair tine. An marcach a bhí air bhí se ar a chumas aige an t-síochan a fháscadh den domhan agus an Cine Ádhaimh a chromadh chun coscartha a chéile. Tugadh claidheamh ollmhór dó.

Ar bhriseadh an triú séala don Uan Dé chuala mé an triú Neach Beo ag fógairt : “Tar!” D’amharc mé agus each dubh a bhí romham. An marcach a bhí air bhí scála meá i láimh aige. Ansin chuala mé rud inteacht ar nós glóir as measc an Cheathrair Neach Beo ag ra: “Cárt cruithneachta ar lá oibre agus trí chárt eornan ar lá oibre agus ná déan damaiste don ola ná don fhíon!”

Ar bhriseadh an cheathrú séala don Uan Dé chuala mé glór an cheathrú Neach Beo ag fógairt : “Tar!” D’amharc mé agus ansin romham a bhí each mílítheach. An marcach a bhí air tugadh Bás air, agus lean Ifreann go gairid ina dhiaidh. Tugadh an chumacht dóibh chun ceathrú an Chine Ádhaimh a chur ar cheal le claidheamh le gorta le galar agus le hainmhithe fíochmhara an domhain.

[Tuigim, tá a lán drámhaíle i gcodanna An Bhíobla, rudaí aisteacha, uafásacha agus saobh fiú.  Ach mar sin féin tá cineál filíochta ann freisin, má tá sé beagán millteanach ar uairibh]