Fáilte!

Tionscadal aistriúcháin neamhfhoirmeáilte le Gaeilge, Béarla agus Fraincis. Fáilte romhat!



Click here to see an English translation at the bottom of this page

Aidhmeanna, Plean agus Format

Click here to see an English translation at the bottom of this page

Óicé, i dtús báire, lig domh a admháil nach bhfuil cailíocht ná oideachas áirithe ar bith agam ó thaobh na teangeolaíochta de. Níl ach craiceann caol de fhoghlaim fhoirmeáilte agam ar theanga ar bith ach an Béarla, cé go bhfuil an-shuim agam sa Ghaeilge agus san Fhraincis. Ach amannta mothaím mé féin, tarrangaithe chuig na fuaimeanna fuinniúla fraochta fileata mar is a bheadh leannáin sí iontu, in éadan mo thola féin.

Ag an am céanna, níl breall orm; tuigim go bhfuil srian na hoiliúna de dhíth orm le go dtuigfí mé mar is mian liom. Tús agus deireadh, meán cumarsáide trasphearsanta atá i dteanga. Mura dtuigtear mé, dá deismireachta mo chuid cainte dár liom féin, saothar in aisce atá ann.

Ach b’fhéidir nach leor dúinn freastail ar rang nó dhó sa samhradh, cé gur tábhachtach na ranganna sin. Níl sé leor go deo ndeor. Má táthar ag féacháilt le dul i bhfeidhm ar chroíanna an chine daonna, measaim go gcaithfidh duine bheith i síorteaghmáil leo sa dóigh is dlúithe—fríd an litríocht, fríd an fhicsean agus fríd an fhilíocht ach go háirithe. Agus ní go bliantúil ach go laethúil, ní hamháin sna scoileanna ach cois teallaigh freisin.

Sin cúis gur chuir mé tús leis an suíomh seo, le go raibh áit fháilteach ann domhsa agus do mo mhacasamháil ar fud an domhain, na hamaitéaraigh, cibé áit a bhfuil cónaí orainn, as a dtiocfadh linn dul thar na boscaí parsála i gcomhar a chéile agus croí ar gcine coitianta a chuimilt.* Trí mheán ceirde an aistriúcháin, beidh muid abálta ár saineolais ar chialla ar fhochialla ar sheachchialla a roinnt le chéile, agus b’fhéidir an cháilíocht daonnachais a dhéanamh níos daigne ag an am céanna.

Óicé, óicé, is leor sin. Ar aghaidh chuig an cur síos practacúil: Dearadh an tionscadail. Tá dhá leath ag mo choincheap den tionscadal seo:

1.) Cuir Béarla ar ábhar Gaeilge: Foilseoidh mé sleachtanna as ficsean clasaiceach na Gaeilge agus iarrfaidh mé a malairt de leaganacha Béarla as leitheoirí an tsuímh seo. Cuirfidh mise tús leis le leagan údaraithe Gaeilge i bhfoirm blogpost. Díreach ina dhiaidh sin cuirfidh mé comment faoi a bheidh roinnte in dhá pháirt: a.) Aistriúchán go Béarla. b.) Míniúchán ar na prionsabail gur roghnaidh mé. (Gearrmhíniúchán! Níos lú na cúig abairt, go raibh maith agat!) Sin déanta, cuir chugam, a léitheoir dílis, d’iarrachtaí aistriúcháin féin ar an chló céanna.

2.) Cuir Gaeilge ar ábhar Fraincise: Mar a gcéanna seachas go naistreoidh muid ó leagan Fraincise údaraithe go Gaeilge.

Dár ndóigh, mar punter atá ionam, bheinn an-shásta ar fad a ghlacadh le comhairle gairmiúil. Ach thar ní ar bith eile, tóg go bog é agus bain sult as. Cuimhnigh ar mo mhana pearsanta: Níl beann gan greann.

*Admhaím gur ait an rogha focla sin, ach ba mhian liom cuma na huaime a choinneáilt. An bhfuil a mhalairt de mholadh agat?

Thursday, September 23, 2010

2.7 Cuir Gaeilge air seo: “Don Juan aux enfers” le Charles Baudelaire, dán as an chnuasach filíochta “Les fleurs du mal”; 13-14

Ón leagan údaraithe:
Frissonant sous son deuil, la chaste et maigre Elvire,
Prés de l’époux perfide et qui fut son amant,

1.7 Cuir Béarla air seo: “Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 25-28

Ón leagan údaraithe: “Is maith an rud a dhéanfas tú nuair a thiocfas ann duit, nuair a fuair tú de chroí bréagach a thabhairt domhsa an chéad lá in Éirinn.”

“Shíl mi-se,” arsa an leanbh, agus dhá chuid á dhéanamh den fhocal ina bhéal leis an smeacharnaigh, “shíl mé nach James Gallagher a bhí orm ach Séimí Phádraig Duibh.”

Fágadh iomlán na bpáistí sioctha leis na gáirí. Rinne an máistir é féin draothadh beag tirim drochmheasúil.

Monday, August 16, 2010

2.6 Cuir Gaeilge air seo: “Don Juan aux enfers” le Charles Baudelaire, dán as an chnuasach filíochta “Les fleurs du mal”; 11-12

Ón leagan údaraithe:

Montrait à tous les morts errant sur les rivages
Le fils audacieus qui railla son front blanc

1.6 Cuir Béarla air seo: “Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 21-24

Ón leagan údaraithe: “Cluin sin,” arsa an máistir, ag trarraingt na slaite aniar fríd an chloiginn air. Agus tharraing sé an dara leadhb sna cluasa air agus an tríú ceann sa chaoldroim.

“A mhaistín cháidhigh na mbréag, i ndiaidh mé “James Gallagher” a scairteadh trí huaire seanard mo chinn a rá is de go n-abair tú nar chuala tú mé.”

Monday, July 19, 2010

2.5 Cuir Gaeilge air seo: “Don Juan aux enfers” le Charles Baudelaire, dán as an chnuasach filíochta “Les fleurs du mal”; 9-10

Ón leagan údaraithe:
Sganarelle en riant lui réclamait ses gages,
Tandis que Don Luis avec un doigt tremblant

1.5 Cuir Béarla air seo: “Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 17-20

Ón leagan údaraithe: D’amharc sé suas air agus cigilt ina mhuineál le heagla roimh na buillí.

“Labhair, marbhfáisc ort, labhair a smuilcín gan mhúineadh. Cad chuige nach dtug tú freagra ar d’ainm?” arsa an máistir.

“Níor chuala mé thú”, arsa an leanbh, agus glór an chaointe ina cheann.

Wednesday, June 23, 2010

2.4 Cuir Gaeilge air seo: “Don Juan aux enfers” le Charles Baudelaire, dán as an chnuasach filíochta “Les fleurs du mal”; 7-8

Ón leagan údaraithe:
Et, comme un grand troupeau de victimes offertes,
Derrière lui traînaient un long mugissement.

1.4 Cuir Béarla air seo: “Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 13-16

Ón leagan údaraithe: Scairt sé ceann amháin trí huaire, agus a ghlór ag airdiú ‘ach aon uair, ach ní thug duine ar bith freagra air. Bhí na páistí uilig agus a súile sáite i Séimí acu, agus iontas an domhain ar Shéimí bhocht goidé a bhí ar chois. Sa deireadh anuas leis an mháistir go ceann an tí agus slat saileoige aige ina láimh. Thóg se an t-slat os cionn Shéimí, agus thug a chorp don fhear a bhí thíos, goidé a thug air gan freagra a thabhairt ar a ainm.

Monday, June 7, 2010

2.3 Cuir Gaeilge air seo: “Don Juan aux enfers” le Charles Baudelaire, dán as an chnuasach filíochta “Les fleurs du mal”; 5-6

Ón leagan údaraithe:
Montrant leur seins pendants et leurs robes ouvertes,
Des femmes se tordaient sous le noir firmament

1.3 Cuir Béarla air seo: Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 9-12

Ón leagan údaraithe: D’iarr a mháthair air a bheith ina ghasúr mhaith go trathnóna, agus d’imigh sí.

Bhi scaifte gasúr, agus Séimí ina measc, bhí sin ina seasamh ina rang thíos i gceann an tí agus gasúr den chuid ba mhó in ainm a bheith á dteagasc. Ach chonaic an Rí an teagasc sin: ag imirt chnaipí, ag déanamh malairteach, agus ag caitheamh seileog ar a chéile.

I gceann tamaill tharraing an máistir air an leabhar mór agus thoisigh sé a scairteach amach aineamach.

Saturday, May 22, 2010

2.2 Cuir Gaeilge air seo: “Don Juan aux enfers” le Charles Baudelaire, dán as an chnuasach filíochta “Les fleurs du mal”; 3-4

Ón leagan údaraithe:
Un sombre mediant, l’oeil fier comme Antisthène,
D’un bras vengeur et fort saisit chaque aviron

1.2 Cuir Béarla air seo: “Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 5-8

Ón leagan údaraithe: Agus, ansin, an teaghlach mór a bhí ann agus gan cosúlacht orthu go raibh máthair ar bith acu, nó ceann urraidh ar bith orthu ach tua cheatha de sheanduine liath a raibh gruaig sceadach air, feasóg sconnribeach, soc confach, agus dreach coitinneach. D’amharc sé lena dhá shúil dhearga ar an mhnaoi a tháinig isteach agus an tachrán ar ghreim láimhe léi. Ansin bheannigh sé di go cineál fuarbhruite, tharraing sé air leabhar a raibh suaithníocht go lá dheireadh an domhain ar a mhéid a bhí inti, scríobh sé síos dornán inti, agus dhruid sé aris í. Ansin fágadh Séimí thall i gcoirnéal i gcuideachta scaifte eile páistí a bhí fána thuairim féin méide.

Tuesday, May 18, 2010

2.1 Cuir Gaeilge air seo: “Don Juan aux enfers” le Charles Baudelaire, dán as an chnuasach filíochta “Les fleurs du mal”; 1-2

Ón leagan údaraithe:
Quand Don Juan descendit vers l’onde souterraine
Et lorsqu’il eut donné son oble à Charon,

1.1 Cuir Béarla air seo: “Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 1-4

Ón leagan údaraithe: "Ceithre bliana, gan lá chuige nó uaidh, a bhí Séimí Phádraig Duibh nuair a cuireadh chun na scoile é. Ní raibh bríste nó a dhath san am air ach cóta de ghlaisín chaoarach, agus, eadar and t-éideadh a bhí air agus a cheann catach gruaige (féadann a bhlagad na foilt chraobhcasta sin a shéanadh inniu), an mhaidin a chuaigh sé lena mháthair ar ghreim laimhe go teach na scoile ní aithneodh súil dá deacaigh i gcloiginn nach puirtleog ghirsí a bhí ann. Ar a dhul isteach go teach na scoile dó d’amharc sé go scaollmhar ar gach taobh de, agus níorbh iontaí leis an sneachta dearg ná an cineál tí a bhí ann. Ní raibh leaba nó cuinneog nó ball ar bith eile trioc ann faoi chreatacha an tí."