Fáilte!

Tionscadal aistriúcháin neamhfhoirmeáilte le Gaeilge, Béarla agus Fraincis. Fáilte romhat!



Click here to see an English translation at the bottom of this page

Aidhmeanna, Plean agus Format

Click here to see an English translation at the bottom of this page

Óicé, i dtús báire, lig domh a admháil nach bhfuil cailíocht ná oideachas áirithe ar bith agam ó thaobh na teangeolaíochta de. Níl ach craiceann caol de fhoghlaim fhoirmeáilte agam ar theanga ar bith ach an Béarla, cé go bhfuil an-shuim agam sa Ghaeilge agus san Fhraincis. Ach amannta mothaím mé féin, tarrangaithe chuig na fuaimeanna fuinniúla fraochta fileata mar is a bheadh leannáin sí iontu, in éadan mo thola féin.

Ag an am céanna, níl breall orm; tuigim go bhfuil srian na hoiliúna de dhíth orm le go dtuigfí mé mar is mian liom. Tús agus deireadh, meán cumarsáide trasphearsanta atá i dteanga. Mura dtuigtear mé, dá deismireachta mo chuid cainte dár liom féin, saothar in aisce atá ann.

Ach b’fhéidir nach leor dúinn freastail ar rang nó dhó sa samhradh, cé gur tábhachtach na ranganna sin. Níl sé leor go deo ndeor. Má táthar ag féacháilt le dul i bhfeidhm ar chroíanna an chine daonna, measaim go gcaithfidh duine bheith i síorteaghmáil leo sa dóigh is dlúithe—fríd an litríocht, fríd an fhicsean agus fríd an fhilíocht ach go háirithe. Agus ní go bliantúil ach go laethúil, ní hamháin sna scoileanna ach cois teallaigh freisin.

Sin cúis gur chuir mé tús leis an suíomh seo, le go raibh áit fháilteach ann domhsa agus do mo mhacasamháil ar fud an domhain, na hamaitéaraigh, cibé áit a bhfuil cónaí orainn, as a dtiocfadh linn dul thar na boscaí parsála i gcomhar a chéile agus croí ar gcine coitianta a chuimilt.* Trí mheán ceirde an aistriúcháin, beidh muid abálta ár saineolais ar chialla ar fhochialla ar sheachchialla a roinnt le chéile, agus b’fhéidir an cháilíocht daonnachais a dhéanamh níos daigne ag an am céanna.

Óicé, óicé, is leor sin. Ar aghaidh chuig an cur síos practacúil: Dearadh an tionscadail. Tá dhá leath ag mo choincheap den tionscadal seo:

1.) Cuir Béarla ar ábhar Gaeilge: Foilseoidh mé sleachtanna as ficsean clasaiceach na Gaeilge agus iarrfaidh mé a malairt de leaganacha Béarla as leitheoirí an tsuímh seo. Cuirfidh mise tús leis le leagan údaraithe Gaeilge i bhfoirm blogpost. Díreach ina dhiaidh sin cuirfidh mé comment faoi a bheidh roinnte in dhá pháirt: a.) Aistriúchán go Béarla. b.) Míniúchán ar na prionsabail gur roghnaidh mé. (Gearrmhíniúchán! Níos lú na cúig abairt, go raibh maith agat!) Sin déanta, cuir chugam, a léitheoir dílis, d’iarrachtaí aistriúcháin féin ar an chló céanna.

2.) Cuir Gaeilge ar ábhar Fraincise: Mar a gcéanna seachas go naistreoidh muid ó leagan Fraincise údaraithe go Gaeilge.

Dár ndóigh, mar punter atá ionam, bheinn an-shásta ar fad a ghlacadh le comhairle gairmiúil. Ach thar ní ar bith eile, tóg go bog é agus bain sult as. Cuimhnigh ar mo mhana pearsanta: Níl beann gan greann.

*Admhaím gur ait an rogha focla sin, ach ba mhian liom cuma na huaime a choinneáilt. An bhfuil a mhalairt de mholadh agat?

Saturday, May 22, 2010

1.2 Cuir Béarla air seo: “Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 5-8

Ón leagan údaraithe: Agus, ansin, an teaghlach mór a bhí ann agus gan cosúlacht orthu go raibh máthair ar bith acu, nó ceann urraidh ar bith orthu ach tua cheatha de sheanduine liath a raibh gruaig sceadach air, feasóg sconnribeach, soc confach, agus dreach coitinneach. D’amharc sé lena dhá shúil dhearga ar an mhnaoi a tháinig isteach agus an tachrán ar ghreim láimhe léi. Ansin bheannigh sé di go cineál fuarbhruite, tharraing sé air leabhar a raibh suaithníocht go lá dheireadh an domhain ar a mhéid a bhí inti, scríobh sé síos dornán inti, agus dhruid sé aris í. Ansin fágadh Séimí thall i gcoirnéal i gcuideachta scaifte eile páistí a bhí fána thuairim féin méide.

1 comment:

Eoin Mac an t-saoir said...

M’iarracht ar aistriúchán: And then the great troupe of kids in the place! And no sign at all of a mother or any one else in charge—except for a damp little mist of an oul’ fellow with a mangy pate, patchy beard, angry little animal snout and generally vulgar face. He glared, with his red little piggy eyes, at the woman escorting this wee little laddie by the hand. He greeted her frostily, and then did a queer thing-- ostentatiously drawing to him an enormous book that couldn’t be any thicker if it had been the “Book of Judgment” itself, quickly scribbling something in it, and clapping it closed again. Then Séimi was given over to the company of a band of toddlers in the corner about his own size.

Míniúchán ar m’ aistriúchán: Saoraistriúchan atá ann, arís. Tá macallaí an Bhíobla follasach go leor sa ghiota seo, ach ar mo mhacnamh siar domh ar an ramharc, tig cogair d’ábhair eile níos easurramaí, aorach féin domh chun cuimhne freisin—an Victoriana scigmhagúil de Lemony Snicket, b’fhéidir. Agus sílim go mb’fhearr dá rannfaí na habairtí ina gcodanna níos lú. Nuair atá abairt rófhada, cailltear cuid de threise na dteangan, dar liom. Dealraíonn sé domh go ndéanfadh An Griannach rogha eile ar an phonctaíocht seo, nó ar chuid de, ar a laghad, dá raibh sé fós beo inniu.