Fáilte!

Tionscadal aistriúcháin neamhfhoirmeáilte le Gaeilge, Béarla agus Fraincis. Fáilte romhat!



Click here to see an English translation at the bottom of this page

Aidhmeanna, Plean agus Format

Click here to see an English translation at the bottom of this page

Óicé, i dtús báire, lig domh a admháil nach bhfuil cailíocht ná oideachas áirithe ar bith agam ó thaobh na teangeolaíochta de. Níl ach craiceann caol de fhoghlaim fhoirmeáilte agam ar theanga ar bith ach an Béarla, cé go bhfuil an-shuim agam sa Ghaeilge agus san Fhraincis. Ach amannta mothaím mé féin, tarrangaithe chuig na fuaimeanna fuinniúla fraochta fileata mar is a bheadh leannáin sí iontu, in éadan mo thola féin.

Ag an am céanna, níl breall orm; tuigim go bhfuil srian na hoiliúna de dhíth orm le go dtuigfí mé mar is mian liom. Tús agus deireadh, meán cumarsáide trasphearsanta atá i dteanga. Mura dtuigtear mé, dá deismireachta mo chuid cainte dár liom féin, saothar in aisce atá ann.

Ach b’fhéidir nach leor dúinn freastail ar rang nó dhó sa samhradh, cé gur tábhachtach na ranganna sin. Níl sé leor go deo ndeor. Má táthar ag féacháilt le dul i bhfeidhm ar chroíanna an chine daonna, measaim go gcaithfidh duine bheith i síorteaghmáil leo sa dóigh is dlúithe—fríd an litríocht, fríd an fhicsean agus fríd an fhilíocht ach go háirithe. Agus ní go bliantúil ach go laethúil, ní hamháin sna scoileanna ach cois teallaigh freisin.

Sin cúis gur chuir mé tús leis an suíomh seo, le go raibh áit fháilteach ann domhsa agus do mo mhacasamháil ar fud an domhain, na hamaitéaraigh, cibé áit a bhfuil cónaí orainn, as a dtiocfadh linn dul thar na boscaí parsála i gcomhar a chéile agus croí ar gcine coitianta a chuimilt.* Trí mheán ceirde an aistriúcháin, beidh muid abálta ár saineolais ar chialla ar fhochialla ar sheachchialla a roinnt le chéile, agus b’fhéidir an cháilíocht daonnachais a dhéanamh níos daigne ag an am céanna.

Óicé, óicé, is leor sin. Ar aghaidh chuig an cur síos practacúil: Dearadh an tionscadail. Tá dhá leath ag mo choincheap den tionscadal seo:

1.) Cuir Béarla ar ábhar Gaeilge: Foilseoidh mé sleachtanna as ficsean clasaiceach na Gaeilge agus iarrfaidh mé a malairt de leaganacha Béarla as leitheoirí an tsuímh seo. Cuirfidh mise tús leis le leagan údaraithe Gaeilge i bhfoirm blogpost. Díreach ina dhiaidh sin cuirfidh mé comment faoi a bheidh roinnte in dhá pháirt: a.) Aistriúchán go Béarla. b.) Míniúchán ar na prionsabail gur roghnaidh mé. (Gearrmhíniúchán! Níos lú na cúig abairt, go raibh maith agat!) Sin déanta, cuir chugam, a léitheoir dílis, d’iarrachtaí aistriúcháin féin ar an chló céanna.

2.) Cuir Gaeilge ar ábhar Fraincise: Mar a gcéanna seachas go naistreoidh muid ó leagan Fraincise údaraithe go Gaeilge.

Dár ndóigh, mar punter atá ionam, bheinn an-shásta ar fad a ghlacadh le comhairle gairmiúil. Ach thar ní ar bith eile, tóg go bog é agus bain sult as. Cuimhnigh ar mo mhana pearsanta: Níl beann gan greann.

*Admhaím gur ait an rogha focla sin, ach ba mhian liom cuma na huaime a choinneáilt. An bhfuil a mhalairt de mholadh agat?

Monday, July 19, 2010

1.5 Cuir Béarla air seo: “Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 17-20

Ón leagan údaraithe: D’amharc sé suas air agus cigilt ina mhuineál le heagla roimh na buillí.

“Labhair, marbhfáisc ort, labhair a smuilcín gan mhúineadh. Cad chuige nach dtug tú freagra ar d’ainm?” arsa an máistir.

“Níor chuala mé thú”, arsa an leanbh, agus glór an chaointe ina cheann.

1 comment:

Eoin Mac an t-saoir said...

M’iarracht ar aistriúchán: He looked up at him, a knot of apprehension tightening in his neck before the next blow.

“Speak up, damn you, SPEAK UP, you ignorant whelp! Why have you not answered to your name?!” says the master.

“I didn’t hear you”, says the child in a tremulous whimper.

Míniúchán ar m’ aistriúchán: Óice, b’fhéidir nach n-aontódh tú le m’iarracht. Scarann sé i bhfad ó aistriúchán litriúil. B’fhéidir rófhada. Cuirtear dath difriúil ar fad ar an scéal leis an phonctaíocht agus saoraistriúchán téarmaí a thug mé dó. B’fhéidir go bhfuil an ceart agat. Ach i slí amháin caithfidh tú a admháil go bhfuilim ag iarraidh freastail ar dhá mháistir: meon na Gaeilge an naoú haois déag (agus an chultúir a bhaineas leis) agus meon an Bhéarla chomhaimseartha—dhá theanga nach bhfuil ar aon dul ar chor ar bith. Cad é mar a dtiocfadh leat a chur i bhfeidhm go sásúil treise na mionna sin “marbhfáisc ort” do léitheoir an lae ata inniu ann? Ní dóigh liom go mbeadh sé cunspóideach díom a rá nach mbíonn an ghánth-chainteoir Bhéarla inniu chomh cráifeach agus a bhí a shinsir ghaelacha céad bliain roimhe. Agus, i ndiaidh domh a mhachnamh faoi, caithfidh mé, i mo thuairim féin, lámh an uachtair a thabhairt don réaltacht mhothúchán seachas don aistriúchán litriúil nó don stair religiúnach.