Fáilte!

Tionscadal aistriúcháin neamhfhoirmeáilte le Gaeilge, Béarla agus Fraincis. Fáilte romhat!



Click here to see an English translation at the bottom of this page

Aidhmeanna, Plean agus Format

Click here to see an English translation at the bottom of this page

Óicé, i dtús báire, lig domh a admháil nach bhfuil cailíocht ná oideachas áirithe ar bith agam ó thaobh na teangeolaíochta de. Níl ach craiceann caol de fhoghlaim fhoirmeáilte agam ar theanga ar bith ach an Béarla, cé go bhfuil an-shuim agam sa Ghaeilge agus san Fhraincis. Ach amannta mothaím mé féin, tarrangaithe chuig na fuaimeanna fuinniúla fraochta fileata mar is a bheadh leannáin sí iontu, in éadan mo thola féin.

Ag an am céanna, níl breall orm; tuigim go bhfuil srian na hoiliúna de dhíth orm le go dtuigfí mé mar is mian liom. Tús agus deireadh, meán cumarsáide trasphearsanta atá i dteanga. Mura dtuigtear mé, dá deismireachta mo chuid cainte dár liom féin, saothar in aisce atá ann.

Ach b’fhéidir nach leor dúinn freastail ar rang nó dhó sa samhradh, cé gur tábhachtach na ranganna sin. Níl sé leor go deo ndeor. Má táthar ag féacháilt le dul i bhfeidhm ar chroíanna an chine daonna, measaim go gcaithfidh duine bheith i síorteaghmáil leo sa dóigh is dlúithe—fríd an litríocht, fríd an fhicsean agus fríd an fhilíocht ach go háirithe. Agus ní go bliantúil ach go laethúil, ní hamháin sna scoileanna ach cois teallaigh freisin.

Sin cúis gur chuir mé tús leis an suíomh seo, le go raibh áit fháilteach ann domhsa agus do mo mhacasamháil ar fud an domhain, na hamaitéaraigh, cibé áit a bhfuil cónaí orainn, as a dtiocfadh linn dul thar na boscaí parsála i gcomhar a chéile agus croí ar gcine coitianta a chuimilt.* Trí mheán ceirde an aistriúcháin, beidh muid abálta ár saineolais ar chialla ar fhochialla ar sheachchialla a roinnt le chéile, agus b’fhéidir an cháilíocht daonnachais a dhéanamh níos daigne ag an am céanna.

Óicé, óicé, is leor sin. Ar aghaidh chuig an cur síos practacúil: Dearadh an tionscadail. Tá dhá leath ag mo choincheap den tionscadal seo:

1.) Cuir Béarla ar ábhar Gaeilge: Foilseoidh mé sleachtanna as ficsean clasaiceach na Gaeilge agus iarrfaidh mé a malairt de leaganacha Béarla as leitheoirí an tsuímh seo. Cuirfidh mise tús leis le leagan údaraithe Gaeilge i bhfoirm blogpost. Díreach ina dhiaidh sin cuirfidh mé comment faoi a bheidh roinnte in dhá pháirt: a.) Aistriúchán go Béarla. b.) Míniúchán ar na prionsabail gur roghnaidh mé. (Gearrmhíniúchán! Níos lú na cúig abairt, go raibh maith agat!) Sin déanta, cuir chugam, a léitheoir dílis, d’iarrachtaí aistriúcháin féin ar an chló céanna.

2.) Cuir Gaeilge ar ábhar Fraincise: Mar a gcéanna seachas go naistreoidh muid ó leagan Fraincise údaraithe go Gaeilge.

Dár ndóigh, mar punter atá ionam, bheinn an-shásta ar fad a ghlacadh le comhairle gairmiúil. Ach thar ní ar bith eile, tóg go bog é agus bain sult as. Cuimhnigh ar mo mhana pearsanta: Níl beann gan greann.

*Admhaím gur ait an rogha focla sin, ach ba mhian liom cuma na huaime a choinneáilt. An bhfuil a mhalairt de mholadh agat?

Monday, June 7, 2010

1.3 Cuir Béarla air seo: Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 9-12

Ón leagan údaraithe: D’iarr a mháthair air a bheith ina ghasúr mhaith go trathnóna, agus d’imigh sí.

Bhi scaifte gasúr, agus Séimí ina measc, bhí sin ina seasamh ina rang thíos i gceann an tí agus gasúr den chuid ba mhó in ainm a bheith á dteagasc. Ach chonaic an Rí an teagasc sin: ag imirt chnaipí, ag déanamh malairteach, agus ag caitheamh seileog ar a chéile.

I gceann tamaill tharraing an máistir air an leabhar mór agus thoisigh sé a scairteach amach aineamach.

1 comment:

Eoin Mac an t-saoir said...

M’iarracht ar aistriúchán: His mother asked him to be a good boy until the afternoon, and then left.

There was a small herd of boys, and Séimí among them, standing at the front of the classroom, and one of the bigger boys “instructing” the others. But, Lord, such instruction! Shooting dice, horsetrading, and gobbing on one another.

After a while, the master pulled out the huge book and started shouting out names.

Míniúchán ar m’ aistriúchán: Tá sé soiléir agam go raibh na buachaillí ag imirt cluichí inteacht, ach ní thuigim díreach an saghas cluifí a bhí iontu. “Imirt chnaipí”— á dteilgean lena chéile nó b’fhéidir ag iarraidh iad a chaitheamh níos faide na a gcomrádaithe? Mar tá mé aineolach faoin saghas baileach cluiche a bhí ann, rinne mé mo dhícheall le béim a chur ar an fhochiall—go raibh siadsa ag caitheamh go mímhúinte sa rang. Sin cúis gur roghnaigh mé “shooting dice” ar rud ar bith eile. Agus tá ceisteacha agam ar an abairt “ag déanamh malairteach”—cad a bhí siad ag tabhairt dá chéile? Cnaipí? Rud inteacht eile? B’fhéidir gur eol duitse níos fear.