Fáilte!

Tionscadal aistriúcháin neamhfhoirmeáilte le Gaeilge, Béarla agus Fraincis. Fáilte romhat!



Click here to see an English translation at the bottom of this page

Aidhmeanna, Plean agus Format

Click here to see an English translation at the bottom of this page

Óicé, i dtús báire, lig domh a admháil nach bhfuil cailíocht ná oideachas áirithe ar bith agam ó thaobh na teangeolaíochta de. Níl ach craiceann caol de fhoghlaim fhoirmeáilte agam ar theanga ar bith ach an Béarla, cé go bhfuil an-shuim agam sa Ghaeilge agus san Fhraincis. Ach amannta mothaím mé féin, tarrangaithe chuig na fuaimeanna fuinniúla fraochta fileata mar is a bheadh leannáin sí iontu, in éadan mo thola féin.

Ag an am céanna, níl breall orm; tuigim go bhfuil srian na hoiliúna de dhíth orm le go dtuigfí mé mar is mian liom. Tús agus deireadh, meán cumarsáide trasphearsanta atá i dteanga. Mura dtuigtear mé, dá deismireachta mo chuid cainte dár liom féin, saothar in aisce atá ann.

Ach b’fhéidir nach leor dúinn freastail ar rang nó dhó sa samhradh, cé gur tábhachtach na ranganna sin. Níl sé leor go deo ndeor. Má táthar ag féacháilt le dul i bhfeidhm ar chroíanna an chine daonna, measaim go gcaithfidh duine bheith i síorteaghmáil leo sa dóigh is dlúithe—fríd an litríocht, fríd an fhicsean agus fríd an fhilíocht ach go háirithe. Agus ní go bliantúil ach go laethúil, ní hamháin sna scoileanna ach cois teallaigh freisin.

Sin cúis gur chuir mé tús leis an suíomh seo, le go raibh áit fháilteach ann domhsa agus do mo mhacasamháil ar fud an domhain, na hamaitéaraigh, cibé áit a bhfuil cónaí orainn, as a dtiocfadh linn dul thar na boscaí parsála i gcomhar a chéile agus croí ar gcine coitianta a chuimilt.* Trí mheán ceirde an aistriúcháin, beidh muid abálta ár saineolais ar chialla ar fhochialla ar sheachchialla a roinnt le chéile, agus b’fhéidir an cháilíocht daonnachais a dhéanamh níos daigne ag an am céanna.

Óicé, óicé, is leor sin. Ar aghaidh chuig an cur síos practacúil: Dearadh an tionscadail. Tá dhá leath ag mo choincheap den tionscadal seo:

1.) Cuir Béarla ar ábhar Gaeilge: Foilseoidh mé sleachtanna as ficsean clasaiceach na Gaeilge agus iarrfaidh mé a malairt de leaganacha Béarla as leitheoirí an tsuímh seo. Cuirfidh mise tús leis le leagan údaraithe Gaeilge i bhfoirm blogpost. Díreach ina dhiaidh sin cuirfidh mé comment faoi a bheidh roinnte in dhá pháirt: a.) Aistriúchán go Béarla. b.) Míniúchán ar na prionsabail gur roghnaidh mé. (Gearrmhíniúchán! Níos lú na cúig abairt, go raibh maith agat!) Sin déanta, cuir chugam, a léitheoir dílis, d’iarrachtaí aistriúcháin féin ar an chló céanna.

2.) Cuir Gaeilge ar ábhar Fraincise: Mar a gcéanna seachas go naistreoidh muid ó leagan Fraincise údaraithe go Gaeilge.

Dár ndóigh, mar punter atá ionam, bheinn an-shásta ar fad a ghlacadh le comhairle gairmiúil. Ach thar ní ar bith eile, tóg go bog é agus bain sult as. Cuimhnigh ar mo mhana pearsanta: Níl beann gan greann.

*Admhaím gur ait an rogha focla sin, ach ba mhian liom cuma na huaime a choinneáilt. An bhfuil a mhalairt de mholadh agat?

Wednesday, June 23, 2010

1.4 Cuir Béarla air seo: “Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 13-16

Ón leagan údaraithe: Scairt sé ceann amháin trí huaire, agus a ghlór ag airdiú ‘ach aon uair, ach ní thug duine ar bith freagra air. Bhí na páistí uilig agus a súile sáite i Séimí acu, agus iontas an domhain ar Shéimí bhocht goidé a bhí ar chois. Sa deireadh anuas leis an mháistir go ceann an tí agus slat saileoige aige ina láimh. Thóg se an t-slat os cionn Shéimí, agus thug a chorp don fhear a bhí thíos, goidé a thug air gan freagra a thabhairt ar a ainm.

1 comment:

Eoin Mac an t-saoir said...

M’iarracht ar aistriúchán: He shouted out one of the names three times, his voice rising each time. But no one answered. The other children had their eyes glued on Séimí, who had not a clue as to why they should. Finally, the master tromped up the classroom toward Seimi with a sally rod in hand, raised it above his head, and laid into him with the full weight of his body, full of outrage at the boy’s impertinence.

Míniúchán ar m’ aistriúchán: Saoraistriúchán aríst. Baineann gontacht inteacht leis an Bhéarla nach luíonn le meon na Gaeilge, agus dá réir sin bhí orm na habairtí a ghearradh ar a n-aistriú go Béarla.