Fáilte!

Tionscadal aistriúcháin neamhfhoirmeáilte le Gaeilge, Béarla agus Fraincis. Fáilte romhat!



Click here to see an English translation at the bottom of this page

Aidhmeanna, Plean agus Format

Click here to see an English translation at the bottom of this page

Óicé, i dtús báire, lig domh a admháil nach bhfuil cailíocht ná oideachas áirithe ar bith agam ó thaobh na teangeolaíochta de. Níl ach craiceann caol de fhoghlaim fhoirmeáilte agam ar theanga ar bith ach an Béarla, cé go bhfuil an-shuim agam sa Ghaeilge agus san Fhraincis. Ach amannta mothaím mé féin, tarrangaithe chuig na fuaimeanna fuinniúla fraochta fileata mar is a bheadh leannáin sí iontu, in éadan mo thola féin.

Ag an am céanna, níl breall orm; tuigim go bhfuil srian na hoiliúna de dhíth orm le go dtuigfí mé mar is mian liom. Tús agus deireadh, meán cumarsáide trasphearsanta atá i dteanga. Mura dtuigtear mé, dá deismireachta mo chuid cainte dár liom féin, saothar in aisce atá ann.

Ach b’fhéidir nach leor dúinn freastail ar rang nó dhó sa samhradh, cé gur tábhachtach na ranganna sin. Níl sé leor go deo ndeor. Má táthar ag féacháilt le dul i bhfeidhm ar chroíanna an chine daonna, measaim go gcaithfidh duine bheith i síorteaghmáil leo sa dóigh is dlúithe—fríd an litríocht, fríd an fhicsean agus fríd an fhilíocht ach go háirithe. Agus ní go bliantúil ach go laethúil, ní hamháin sna scoileanna ach cois teallaigh freisin.

Sin cúis gur chuir mé tús leis an suíomh seo, le go raibh áit fháilteach ann domhsa agus do mo mhacasamháil ar fud an domhain, na hamaitéaraigh, cibé áit a bhfuil cónaí orainn, as a dtiocfadh linn dul thar na boscaí parsála i gcomhar a chéile agus croí ar gcine coitianta a chuimilt.* Trí mheán ceirde an aistriúcháin, beidh muid abálta ár saineolais ar chialla ar fhochialla ar sheachchialla a roinnt le chéile, agus b’fhéidir an cháilíocht daonnachais a dhéanamh níos daigne ag an am céanna.

Óicé, óicé, is leor sin. Ar aghaidh chuig an cur síos practacúil: Dearadh an tionscadail. Tá dhá leath ag mo choincheap den tionscadal seo:

1.) Cuir Béarla ar ábhar Gaeilge: Foilseoidh mé sleachtanna as ficsean clasaiceach na Gaeilge agus iarrfaidh mé a malairt de leaganacha Béarla as leitheoirí an tsuímh seo. Cuirfidh mise tús leis le leagan údaraithe Gaeilge i bhfoirm blogpost. Díreach ina dhiaidh sin cuirfidh mé comment faoi a bheidh roinnte in dhá pháirt: a.) Aistriúchán go Béarla. b.) Míniúchán ar na prionsabail gur roghnaidh mé. (Gearrmhíniúchán! Níos lú na cúig abairt, go raibh maith agat!) Sin déanta, cuir chugam, a léitheoir dílis, d’iarrachtaí aistriúcháin féin ar an chló céanna.

2.) Cuir Gaeilge ar ábhar Fraincise: Mar a gcéanna seachas go naistreoidh muid ó leagan Fraincise údaraithe go Gaeilge.

Dár ndóigh, mar punter atá ionam, bheinn an-shásta ar fad a ghlacadh le comhairle gairmiúil. Ach thar ní ar bith eile, tóg go bog é agus bain sult as. Cuimhnigh ar mo mhana pearsanta: Níl beann gan greann.

*Admhaím gur ait an rogha focla sin, ach ba mhian liom cuma na huaime a choinneáilt. An bhfuil a mhalairt de mholadh agat?

Tuesday, May 18, 2010

1.1 Cuir Béarla air seo: “Caisleáin Óir” le Séamas Ó Grianna; Caibidil 1: 1-4

Ón leagan údaraithe: "Ceithre bliana, gan lá chuige nó uaidh, a bhí Séimí Phádraig Duibh nuair a cuireadh chun na scoile é. Ní raibh bríste nó a dhath san am air ach cóta de ghlaisín chaoarach, agus, eadar and t-éideadh a bhí air agus a cheann catach gruaige (féadann a bhlagad na foilt chraobhcasta sin a shéanadh inniu), an mhaidin a chuaigh sé lena mháthair ar ghreim laimhe go teach na scoile ní aithneodh súil dá deacaigh i gcloiginn nach puirtleog ghirsí a bhí ann. Ar a dhul isteach go teach na scoile dó d’amharc sé go scaollmhar ar gach taobh de, agus níorbh iontaí leis an sneachta dearg ná an cineál tí a bhí ann. Ní raibh leaba nó cuinneog nó ball ar bith eile trioc ann faoi chreatacha an tí."

1 comment:

Eoin Mac an t-saoir said...

My attempt at translation: "Séimí Phádraig Duibh was four years old, not one day more or less, when he was sent to school. He hadn’t any britches or anything even resembling britches at that time, but wore rather a rough undied woolen shift, and, between his peculiar habiliment and mass of curly hair (a thing to which his wizened pate has developed a notable immunity today), the morning he went, hand-in-hand with his mother to the school house, no eye in any head would have taken him for anything but a wee little curly-girl. As he entered the school house, glancing about fearfully, red snow would not have been more queer to him at that moment than the sort of house that lay before him. Devil a bed or press or any other piece of furniture was to be seen within the four posts of that house."

Míniúchán ar m’ aistriúchán: Saoraistriúchan atá ann, agus dá réir sin thug mé tús áite don bhunfhealsúnacht nó dearcadh saoil a mhóthaím i scríbhinne Shéamais Uí Ghrianna agus a chuid carachtar. Tá súil agam go bhforbróidh mo thuiscint agus mé ag dul chun cinn ar an tionscadal seo, agus dá thairbhe sin, b’ait liom mura nathródh mo thuairim faoi fhoirstinneacht an aistriúcháin thuas. Ach, go n-uige, feictear domh go raibh an Griannach ag iarraidh a chur i bhfeidhm dúinn an t-iontas agus an aiste a bheadh i dteach scoile na Banríona do thachrán tuaithe as sráidbhaile beag bídeach iargulta na naoú haoise déag. Sin cúis, b’fhéidir, gur chuir mé an bhéim sin ar cliché-anna an Hiberno-English mar rogha ar aistriúchán litriúil a bheadh níos daingne níos doichte. Ó thaobh na fealsúnachta aistriúcháin de, táim ag iarraidh na prionsabail Mhaolmhaóig Uí Ruairc a fhoghlaim agus a leanúint, mar a leag sé síos sa leabhrán beag “Aistrigh go Gaeilge: Treoirleabhar”, arna foilsíodh ag Cois Life Teoranta. Arís, fáiltím roimh do chuid moltaí agus ceartúchán.